interactive GDPR 2016/0679 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- chun 4
- maoirseachta 4
- agus 4
- údarás 3
- ballstát 3
- gach 3
- rialacháin 2
- húdaráis 2
- pearsanta 2
- sonraí 2
- lena 2
- forálacha 2
- faoi 2
- fógra 2
- bhfeidhm 2
- sásra 2
- féin 2
- t-údarás 2
- amháin 2
- níos 2
- bhaineann 1
- leis 1
- dtagraítear 1
- tabharfaidh 1
- in airteagal 1
- rialacha 1
- comhsheasmhachta 1
- eile 1
- poiblí 1
- leagfaidh 1
- mbord 1
- ionadaíocht 1
- amach 1
- mbeidh 1
- na húdaráis 1
- gcomhlíonfaidh 1
- n-áiritheofar 1
- foráil 1
- déanfaidh 1
- leasú 1
- mhoill 1
- freisin 1
- dhéanfar 1
- dhiaidh 1
- difear 1
- ndéanfar 1
- tabharfaidh 1
- bealtaine 1
- ghlacfaidh 1
- dhlí 1
Airteagal 51
An t-údarás maoirseachta
1. Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas (“údarás maoirseachta”).
2. Cuirfidh gach údarás maoirseachta le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, beidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta féin agus idir iad féin agus an Coimisiún i gcomhréir le Caibidil VII.
3. I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás maoirseachta amháin bunaithe i mBallstát, ainmneoidh an Ballstát sin an t-údarás maoirseachta atá chun ionadaíocht ar na húdaráis sin ar an mBord agus leagfaidh sé an sásra amach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh na húdaráis eile na rialacha a bhaineann leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63.
4. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha dá dhlí a ghlacfaidh siad de bhun na Caibidle seo, faoin 25 Bealtaine 2018, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.
whereas
dal 2004 diritto e informatica